Is é seo an chéad iarracht dúinn alt a fhoilsiú as Gaeilge. Bíonn leisce orainn an Ghaeilge a úsáid mar go mbíonn eagla orainn faoi easpa cruinneas teangan, ach is dócha go mbeidh sé sinn i gceist i gcónaí agus gur cheart dúinn tús a chur lenár n-oibre ar aon chuma, seachas bheith ag caint mar gheall air. Má tá aon locht ar chaighdeán ár gcuid Gaeilge táimid cinnte go n-imeoidh sin de réir mar a mbainimid úsáid as – tiocfaidh taithí de réir a chéile. Mar a deir an seanfhocal “Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin”.
Tá sé socraithe anois go gcaithfimid chur lenár gcuid Gaeilge agus í a chur ina h-áit ceart, mar chuid lárnach den ghluaiseacht ar son daonlathais in Éirinn. Tá mé ag caint fúm féin go h-áirithe (eagarthóir an suíomh seo), ach mar an gcéanna d’éinne atá in ann a pháirt a ghlacadh nó seasamh éigin a thógaint.
Cinnte tá níos mó ná an Ghaeilge ag teastáil chun díriú ar fhadhbanna na tíre seo, ach tá an chuid eile idir lámha againn cheana féin, agus an eagraíocht nua eile, An Chomhdháil Phobail | The Peoples Convention (CPPC) faoi lán seoil.
Tá neart le foghlaim againn agus más féidir leat cabhair a thabhairt, nó cur leis an obair, cuirfidh muid fáilte romhat.
Is mar a dúirt duine atá imithe romhainn … “ar an ród seo romham, m’aghaidh de thugas“.