
Is deacair a chreidiúint go bhfuil bliain imithe ón lá a síneadh an conradh fealltach sin leis an Troika – an IMF/ECB/EU, an ‘bailout’ mar a ghlaotar air go minic. Rinneadh an conradh sin idir an Taoiseach, an tAire Airgeadais agus an Troika ar son muintir na hÉireann – ní raibh aon réamheolais, fiú ag an rialtas féin mar gheall air. Ní raibh sé riamh i gceist acu an rún a chuir ós comhair na Dála, gan trácht ar é a chur ós comhair an phobail chun a bhreithúnas a fháil ar an gceist seo.
Is léir don dall gur mar sin atá cúrsaí daonlathais na tíre seo againne. Tá ceannairí an rialtais féin ag brath ar cumhacht níos airde, agus ní an phobal atá i gceist, ach cé h-iad?
Bhí an cúpla seachtain roimhe sin, agus ina ndiaidh, dochreidte ó thaobh iompar na bpáirtithe de, bhí ceann níos measa ná a chéile. Cinnte ba h-iad Fianna Fáil agus na Glasaigh ba mheasa dóibh ag an am sin, bréag i ndiaidh bréag, ag iarraidh an dallamullóg a chur orainn. Cleasaíocht ceart ‘Punch & Judy’ a rinneadar orainn, nó b’fhéidir ‘Lannigan’s Ball’, “she stepped out, I stepped in again”, gur fear a thabhairt air. Oíche i ndiaidh oíche ar an teilifís osclaíodh scannal nua dúinn, praiseach déanta de rud éigin eile, na billiúin curtha amú, monarchan á dhúnadh agus cuid eile acu ag iompú thar lear, bheadh siad ábalta costaisí pá níos ísle a íoc, agus a leithéid de scéal. I gcónaí bíodh leithscéal ag comhfhreagraí na bpáirtithe, nó ag ‘saineolaí’ éigin as ceann de na ‘think tanks’ a bhíonn acu, agus iad fágtha gan aon dian-ceistiú agus gan aon seans go mbeadh éinne freagrach in aon slí. An t-aon rud amháin a bhíodar go léir lán cinnte faoi – nárbh iad na baincéirí nó lucht forbartha tógálaíochta, nó lucht na margaí airgeadais a dhíolfaidh as, ach an gnáthdhuine – na teaghlaigh, na seanóirí, na daoine laga agus na hógánaigh a bheadh orthu an ‘bád bán a thógaint’ chun dul ar imirce arís.
Smaoinigh ar Chonradh Liospóin agus na postanna ar fad a bhíodar chun soláthar leis? Bréaga! Cuimhnigh go raibh an cúinne casta againn … beagnach. Bréag! Cuimhnigh nuair a dúradar go mbeidh airgead agus tacaíocht ar fáil do na gnónna beaga dúchasacha chun fostaíocht a chruthú, bréag mór eile!
Smaoinigh, fiú, nuair a cuireadh na meáin amach as an tArd Chúirt i mí na Nollag seo caite agus an rialtas ag iarraidh an chúirt a glanadh ionas go bhféadfaí radharc an phobail a choimeád as, agus iad ag chur a thuilleadh isteach in AIB?
Is iomaí cúinne a chasamar roimh an cúpla seachtain sin … agus ó shin, agus gan dabht tá ‘cúinní’ nua ós ár gcomhair amach.
Ach, ar eagla go mbeadh aon míthuiscint ann, is mar an gcéanna páirtithe an fhreasúra – is cuimhin linn na ráiteasí cáineach uathu, chonaiceadar díreach cad a bhí mícheart agus conas é a réiteach! Is cuimhin linn “Labour’s way or Frankfurt’s way”, na gealltanais i dtaobh costaisí oideachais, cáin, na hospidéal, cúram leanaí, cruacás na bhochtáin slr. Tá na gealltanais sin ar fad briste acu anois agus iad i gcumhacht, ní raibh iontu ach bréaga eile ón tosach.
Ach an priomh rud soiléir a tháinig as na h-imeachtaí sin go léir, ná nach raibh aon ceist riamh dul ós comhair an phobail chun a fháil amach cad a theastaigh uathu agus cad ba cheart déanamh, agus an ceist chomh mór san! Tá ganntanas mór daonlathais ann, is pobal ceannasaíochta muidne, tá sé de cheart againn ár bpolasaithe féin a roghnú, mar phobal – ach níor tugadh an ceart sin dúinn!
Mar phobal, caithfidh muid deireadh a chur le ré na bpáirtithe, níl iontu ach clubanna príobháideacha ag feidhmiú ar a shon féin agus ar shon a lucht tacaíochta féin, nó le h-éinne a n-imreodh na cluichí frith-daonlathais leo.